Saothar Giovanni Maria Benzoni atá sa dealbh álainn seo de Mhuire – is féidir a ainm agus an dáta 1857 a fheiceáil ar an mbonn fós. Tá dealbh Mhuire snoite go máistriúil as píosa amháin de mharmar Carrara agus is léir gur saothar fíormháistir-cheardaí é. . Seasann Muire ar an ngealach dheirceach ag díriú ar radharc a bhfuil cur síos air in Apacailipsis Eoin, ina seasann bean gléasta leis an ngrian agus an ghealach faoina cosa, agus coróin de dhá réalta dhéag ar a ceann aici (Apacailipsis 12:1). Tá traidisiún freisin, san Eaglais Chaitliceach, go bhfuil Muire, cosúil leis an ngealach, ag frithchaitheamh solais, in ionad í féin a bheith mar fhoinse solais. De réir an traidisiúin, frithchaitheann Muire solas a Mic. Bhronn mná Chill Chainnigh an dealbh ar an Ardeaglais.

Rugadh Giovanni Maria Benzoni sa bhliain 1809 i Songavazzo i gCúige Bergamo timpeall 80 ciliméadar ó thuaidh ó Milano. Rinne Benzoni staidéar faoi Giuseppe Fabri sula ndeachaigh sé isteach san Academia di San Luca sa Róimh sa bhliain 1828. Bhí an méid céanna cáile air as a shaothar reiligiúnach agus as a ábhair chlasaiceacha, agus rinne sé séadchomharthaí sochraide, dealbha ailtireachta agus portráidí busta. Ealaíontóir fíor-idirnáisiúnta ba é Benzoni, a fuair coimisiúin ó theaghlaigh uaisle ina gcónaí in áiteanna ó St Petersburg go dtí an Bhrasaíl. Rinne sé iad seo ina stiúideo sa Róimh.